词条 | Draft:Gaelphobal Thamhlachta |
释义 | Bunaíodh Cumann Gaelach Thamhlachta i 1974, mar chraobh de Chonradh na Gaeilge le grúpa ghaeilgeoirí a bhí mar chuspóir acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Thamhlachta agus gaelphobal a fhorbairt go fadtéarmach. D’éirigh thar barr leis an ngluaiseacht seo. Ó thosaigh an Cumann bhí sé stiúraithe le roinnt prionsabal leathan. Seo iad a leanas; · Go raibh an gnáthdhuine báúil don teanga is dá mbeadh an deis aige/aici, thabharfadh sé/sí tacaíocht ghníomhach don ghluaiseacht teangan. · Go bhféadaí an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga a bheadh á labairt go forleathain agus daoine ag glacadh léi. · Go raibh nasc díreach idir an obair ag an léibhéal áitiúl agus an léibhéal náisiúnta is da bharr sin gur chóir nasc a bheith ann idir an eagraíocht áitiúil agus an eagraíocht náisiúnta a bhí ag obair chun an teanga a chur chun cinn. · Gurbh í an scoil lán Ghaeilge an bealach is fearr chun a chinntiú go mbéadh sé ar chumas an chéad ghlúin eile an Ghaeilge a labhairt agus deis a thabhairt don ghluaiseacht gaelphobail a thógaint a bheadh bunaithe timpeall na scoile. D’fhéachfaí ar an scoil mar chuid lárnach do fhíor riachtanais an phobail. An t-éacht ba mhó a rinne an Cumann ná mean agus bunscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fail don cheantar . Bunaíodh an chéad scoil, Scoil Santain i 1979. Bunaíodh an dara scoil, Scoil Chaitlín Maude i 1986 chun freastal ar Iarthar Thamhlachta. I 1993 bunaíodh meanscoil lán Ghaelach, Coláiste de hÍde. Tá ag éirí thar barr leis na scoileanna seo uilig, ag freastal ar níos mó ná míle dalta i láthair na huaire a bhfuil líofacht ard bainte amach sa teanga acu. Cheannaigh an eagraíocht foirgneamh i 2014 le forbairt mar Lárionad Ghaeilge agus Cultúrtha don cheantar. Tá an foirgneamh seo suite i gcroí lár Sráidbhaile Thamhlachta. Mar chuid den ionad seo, beidh café, siopa leabhar agus amharclann. Táthar ag súil go n-osclófar an café is an siopa leabhar don phobal ag tús 2019. Sa lá atá inniu ann tá an eagraíocht ag feidhmiú faoin ainm Gaelphobal Thamhlachta. Bíonn go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl le freastal ar phobal na Gaeilge sa cheantar. Ina measc bíonn
Tá suíomh idirlín ag an eagraíocht ar www.gaelphobalthamhlachta.com. Tá sé ar na meáin shóisialta, Facebook agus an Córas Giolcaireachta freisin. Mar chríoch, trí iarrachtaí Ghaelphobal Thamhlachta, tá dul chun cinn an mhór déanta i bhforbairt na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide i gceantar Thamhlachta. Cuireann sé go mór le saibhreas cultúrtha i gceantar ina bhfuil ceann de na daonairimh is mó sa tír ag maireachtáil. Tar éis daichead bliain d’ obair chrua dhíograiseach is féidir a rá go bhfuil gaelphobal láidir i dTamhlacht is beidh go deo! |
随便看 |
|
开放百科全书收录14589846条英语、德语、日语等多语种百科知识,基本涵盖了大多数领域的百科知识,是一部内容自由、开放的电子版国际百科全书。